Nuair a tháinig Séamus na bhaile thosaigh sé ag tógáil eallaigh agus caorach. Bhí léir oibre leo. Bhí féar, coirce, cál, préataí agus tornapaí aige féin. Ní raibh mórán oibre anseo. Níl go fóill, tá léir acu ag imeacht go Baile Átha Cliath. Níl iascaireacht ar bith níos mó ach oiread, bhí iasc acu i gcónaí, bhí bairillí scadáin ag achan teach. Cur síos ar an obair a rinne siad ag sailleadh na scadáin. Bhí a gcuid glasraí féin ag an chuid is mó de na daoine. Bhí bád ag a lán daoine fosta agus théadh siad amach ag iascaireacht scadáin. Bhíodh na mná ag déanamh an obair fosta. | 00:05:21 | |